Gaelcholáiste Dhún Dealgan

Ócáid Spraíúil agus Stairiúil

30-Meán Fómhair-22
Ócáid Spraíúil agus Stairiúil

Bhí an chéad lá oscailte ag Gaelcholáiste Dhún Dealgan ar an Déardaoin an 15 Meán Fómhair 2022. Thosaigh an t-ullmhúchán ag tús mhí Mheán Fómhair le cabhair ó chairde Ghaelcholáiste Dhún Dealgan, tuismitheoirí, Conradh na Gaeilge agus gan amhras ón mháthairscoil, Coláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín.

Thug scoláirí agus múinteoirí an-chabhair do Ghaelcholáiste Dhún Dealgan ceardlanna gníomhacha a chur le chéile. Bhí deis ag Rang a 5 agus a 6 ó Ghaelscoil Dhún Dealgan tráthnóna a chaitheamh sa scoil agus triail a bhaint as Corp Oideachas, Eacnamaíocht Bhaile, Ealaín, Eolaíocht agus Tíreolaíocht. Ardmholadh do na scoláirí bunscoile go léir a bhain triail as gach rud.

Sa tráthnóna, bhí fáilte roimh chách teacht agus féachaint timpeall Ghaelcholáiste Dhún Dealgan. Cé go bhfuil mórán feabhsúcháin le déanamh fós tá tús maith déanta agus is soiléir ón atmaisféar agus spiorad a bhí san áit go mbeidh Robin House ina áit iontach chun oideachas trí Ghaeilge a fháil. Bhí deis ag scoláirí, tuismitheoirí agus caomhnóirí bualadh le Caoimhe (Príomhoide Tánaisteach), Maedhbh (Príomhoide, Coláiste Ghlór na Mara) agus An Foras Pátrúnachta (patrún na scoile). Bhí scoláirí ó Choláiste Ghlór na Mara ina dtreoraithe i rith an tráthnóna agus rinne siad sár‑jab. Seo sampla iontach den tacaíocht agus den roinnt acmhainní a bheidh ar siúl againn le Coláiste Ghlór na Mara i rith na bliana agus sna blianta beaga amach romhainn. Is soiléir gur ar ‘scáth a chéile a mhaireann na daoine’.

Más amhlaidh nach raibh deis agat teacht go dtí an lá oscailte ná bíodh leisce ort r-phost a sheoladh chuig eolas@gcdd.ie chun cuairt a eagrú.

Meabhrúchán, beidh clárú ag tosú ón 3 go dtí an 24 Deireadh Fómhair, féach Clárú.

Noll 05
2023
Scrúduithe Tí / House Exams
Noll 11
2023
Scátáil Oighear / Ice Skating
Noll 14
2023
Cruinniú Tuismitheoirí / Parent Meeting Bl. 1
Noll 25
2023
Saoire na Nollag / Christmas Holidays
28-Samh-2022
Céad 7. Nollaig 13:00 - 16:00 Wed 7. December 13:00 - 16:00
Robin House, Na Rampair, Dún Dealgan, Co. Lú. A91XC59
042- 6042152 nó 083-0805596
Teagmháil linn
Suíomh / Location
© 2023 Gaelcholáiste Dhún Dealgan