Gaelcholáiste Dhún Dealgan
DFómh 16
2026
Ceardlann Brain Box Bl. 1 / 1st Year Brain Box Workshop
DFómh 19
2026
Seachtain an Chairdis / Friendship Week
DFómh 20
2026
Blitz Peile Buachaillí Bl. 1 & 2 / Football Blitz for 1st & 2nd Year Boys
Fáilte go Gaelcholáiste Dhún Dealgan

Fáilte romhaibh chuig suíomh gréasáin Ghaelcholáiste Dhún Dealgan, scoil de chuid Choláiste Ghlór na Mara, Baile Brigín. Osclaíodh Gaelcholáiste Dhún Dealgan i mí Mheán Fómhair 2023 do scoláirí Bhliain 1 agus táimid ag fás ó shin.

Cuirtear fáilte roimh gach páiste ó Cho. Lú agus ó na contaetha mór thimpeall. Is iar-bhunscoil lán-Ghaeilge, chomhoideachais, ilchreidmheach agus ilchultúrtha í Gaelcholáiste Dhún Dealgan. Ní gá go mbeadh an páiste tar éis freastal ar Ghaelscoil ná go mbeadh cumas ar leith sa Ghaeilge bainte amach acu roimh Bhliain 1, ach caithfidh an páiste a bheith tar éis Gaeilge a dhéanamh sa bhunscoil.

Tá An Foras Pátrúnachta ina phátrún ar an nGaelcholáiste. Is í fís An Fhorais Pátrúnachta oideachas lán-Ghaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú ar fud na tíre.

Tá an Ghaeilge, meas agus foghlaim le chéile i gcroílár na scoile. Úsáidimid iPadanna agus modhanna nuálacha teagaisc agus foghlama sa scoil.

Tá súil againn le himeacht ama go mbeidh an suíomh gréasáin seo ag léiriú an fháis agus an fhorbairt atá beartaithe do Ghaelcholáiste Dhún Dealgan.

Príomhoide: Maedhbh Daltún
Príomhoide Tánaisteach: Caoimhe Héarún
© 2026 Gaelcholáiste Dhún Dealgan